Deimhníonn an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta go ndéileálfar le haon eolas a chuireann tú isteach tríd an tairseach seo de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde agus is féidir, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018.
An bealach a mbailímid do chuid eolais
Bailíonn tairseach Comhairliúcháin Ar Líne na Roinne faisnéis phearsanta uait ionas gur féidir leat do fhreagra a chur isteach faoi bhráid an chomhairliúcháin phoiblí maidir le Rialacháin Forbartha Díolmhaithe. Bailítear do shonraí ar na bealaí seo a leanas:
- Go díreach ó d’ionchur scríofa ar an tairseach tríd an bhfoirm chlárúcháin, foirmeacha aighneachta agus
- Go huathoibríoch trí fhianáin a úsáideann an tairseach
An t-eolas a sholáthraíonn tú
Bailímid an t-eolas seo a leanas fút ó d’úsáid den tairseach:
Eolas a sholáthraíonn tú dúinn go díreach:
- D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist
- Ainmneacha úsáideora agus pasfhocail;
- Nuair a thaifeadtar gur ghlac tú leis an bPolasaí Príobhaideachais
Eolas a Bhailítear go hUathoibríoch
D’fhéadfaimis eolas áirithe a bhailiú go huathoibríoch faoin ríomhaire nó gléasanna (lena n-áirítear gléasanna móibíleacha nó táibléid) a n-úsáideann tú chun rochtain a fháil ar an tairseach comhairliúcháin. Áirítear leis an eolas sin:
- Cruthú cuntais agus dáta agus am an logála isteach dheireanaigh;
- Seoladh IP
-
Le do thoiliú trí úsáid a bhaint as fianáin anailísíochta roghnacha, lena dtaifeadann eolas faoi ghléasanna amhail:
- Eolas faoi shuíomh (de réir tíre agus cathrach)
- Aitheantóirí gléis uathúla
- Seoladh AIFP agus PRT/PI
- cineálacha brabhsálaithe,
- teanga an bhrabhsálaí
- réiteach scáileáin
- córas oibriúcháin,
-
eolas iompróra gléasanna móibíleacha, agus
Úsáidimid MTCaptcha chun slándáil na tairsí a chinntiú agus chun cosaint a thabhairt i gcoinne turscair agus mí-úsáide. Ní úsáidtear sonraí a bhailíonn MTCaptcha ach chun cuspóirí slándála agus chun gníomhaíochtaí calaoiseacha a chosc. Féach ar Pholasaí Príobhaideachais Breiseáin Captcha MTCaptcha.
Cad a theastaíonn uainn agus cén fáth a dteastaíonn sé uainn
Is féidir linn eolas atá againn fút a úsáid ar na bealaí seo a leanas:
-
Eolas a thugann tú dúinn. Úsáidimid an t-eolas sin:
- chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le do chuid freagraí ar chomhairliúcháin phoiblí a phróiseáil;
- chun fógra a thabhairt duit faoi dheimhniú go bhfuaireamar do fhreagra ar chomhairliúchán;
-
Eolas a bhailíonn an tairseach fút. Úsáidtear an t-eolas sin:
- chun an tairseach a riar agus le haghaidh oibríochtaí inmheánacha, lena n-áirítear fabhtcheartú agus tástáil.
- chun a chinntiú go gcuirtear ábhar i láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire nó do ghléas móibíleach;
- chun an tairseach a choinneáil slán sábháilte; agus
Ár mbonn dlíthiúil maidir le do chuid eolais a úsáid
An bonn dlíthiúil atá le próiseáil do shonraí pearsanta ná tá sé riachtanach chun tasc a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.
Tá an bonn dlíthiúil bunaithe ar Chuid 9 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024.
Cé chomh fada a choinneoimid do shonraí
Ar uasmhéid de 60 lá tar éis dháta dúnta do chomhairliúcháin, ní choinneoidh an Roinn d’ainm úsáideora ná do phasfhocal, agus ní bheidh do chuntas gníomhach a thuilleadh.
Coinneoidh an roinn an aighneacht agus eolas pearsanta eile chomh fada agus is gá chun na gcríoch dár bailíodh iad agus dár próiseáladh iad. I gcomhréir le riachtanais reachtaíochta agus gnó.
Stóráil d’eolais, aistrithe sonraí idirnáisiúnta agus slándáil
I gcás gur thugamar pasfhocal duit (nó i gcás inar roghnaigh tú pasfhocal) a chuireann ar do chumas rochtain a fháil ar chodanna áirithe dár dtairseach, tá tú freagrach as an bpasfhocal sin a choinneáil faoi rún. Iarraimid ort gan do phasfhocal a roinnt le haon duine.
Cuireann an roinn bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha i bhfeidhm chun d’fhaisnéis a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. In ainneoin na n-iarrachtaí sin, áfach, ní bhíonn aon bheart slándála gan locht nó dothreáite, agus ní féidir aon mhodh tarchurtha sonraí a ráthú i gcoinne idircheapadh ar bith nó mí-úsáid de chineál eile.
Ní dhéanfaidh an Roinn sonraí pearsanta arna bhailigh i leith an chomhairliúcháin seo a thraschur go tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta ar bith taobh amuigh den AE/ LEE.
Cinntí uathoibrithe
Ní úsáidtear do shonraí pearsanta le haghaidh aon chinntí uathoibrithe.
Do chearta
Tá Beartas Cosanta Sonraí na Roinne, ina leagtar amach conas a úsáidfimid do shonraí pearsanta, mar aon le faisnéis maidir le do chearta mar dhuine is ábhar do na sonraí (lena n-áirítear sonraí maidir le ceart rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúchán, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, an ceart chun agóid a dhéanamh), le fáil ar ár suíomh gréasáin. Tá cóip chrua den bheartas ar fáil freisin ach í a iarraidh. Má bhreithníonn tú gur sáraíodh do chearta, tá an ceart agat chun gearán a dhéanamh le Coimisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann (www.dataprotection.ie), agus tá an ceart agat chun leigheas breithiúnach a lorg.
Imní nó gearáin
Is í an Roinn an Rialaitheoir Sonraí nuair a bheidh do shonraí pearsanta á bpróiseáil chun na gcríoch atá leagtha amach thuas. Tá sonraí teagmhála na Roinne ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/839bc-contact-the-department-of-housing-local-government-and-heritage/
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha ag an Roinn chun tacú léi an dlí um chosaint sonraí a chomhlíonadh. Is iad na sonraí teagmhála d’Oifigeach Cosanta Sonraí na Roinne ná:
Oifigeach Cosanta Sonraí
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
Ríomhphost: data.protection@housing.gov.ie