Comhairliúchán Poiblí Tairseacha Scagtha Measúnachta Tionchair Timpeallachta

Oscailte29 Bea, 2026, 12:00 - 30 Mei, 2026, 17:00

Íomhá de thithe le páirceanna glasa agus cnoic sa chúlra

Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, an tAire Stáit um Pleanáil, John Cummins TD, agus an tAire Stáit um Thithíocht, Kieran O’Connell TD, ag iarraidh aighneachtaí ón bpobal maidir leis na forálacha reatha maidir le ‘tairseacha scagtha  Measúnachta Tionchair Timpeallachta (MTT)’ chun aiseolas a sholáthar agus chun cur chuige na Roinne a threorú amach anseo.

Féadfaidh aon pháirtí leasmhar aighneacht a dhéanamh.

Cuimsítear na forálacha reatha maidir le ‘tairseacha scagtha MTT’ i gCuid 2 de Sceideal 5 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú (Rialacháin 2001).

Tá doiciméid a d’fhéadfadh cabhrú leat agus d'aighneacht á ullmhú le fáil ag bun an leathanaigh seo. Tá siad liostaithe sa rannán 'Ábhair', freisin.

 

Aighneachtaí

Ceisteanna

An aontaíonn tú le tabhairt isteach tairseacha eisiaimh chun cur chuige soilse tráchta a sholáthar do scagadh MTT?
An aontaíonn tú le tabhairt isteach tairseacha eisiaimh le haghaidh tionscadal a thagann faoin gcatagóir ‘Tógáil aonad teaghaise’?
An aontaíonn tú le tabhairt isteach tairseacha eisiaimh le haghaidh tionscadal a thagann faoin gcatagóir ‘Forbairt uirbeach’?
An measann tú gur cheart na tairseacha maidir le ‘Forbairt Uirbeach’ a chinneadh de réir méide agus suímh, i.e. go gcinntear an tairseach méide de réir shuíomh an tionscadail (ceantar gnó, limistéar foirgnithe nó áit eile)?
An aontaíonn tú le leasú a dhéanamh ar an tairseach cuimsithe le haghaidh tionscadal a thagann faoin gcatagóir ‘Gléasra Cóireála Fuíolluisce’ agus le tabhairt isteach tairseacha eisiaimh le haghaidh tionscadal? Má aontaíonn tú, luaigh le do thoil cén áit ar cheart an tairseach eisiaimh a shocrú?
An measann tú go mbeadh tairbhe ann dá dtabharfaí isteach tairseacha eisiaimh i gcás aon chatagóire tionscadail eile i Sceideal 5, Cuid 2
Glac síntiús